Bliain an Phrionsa

Bliain an Phrionsa
Cheannaircí na Seacaibíteach
Bliain an Phrionsa

Eachtra in Éirí Amach 1745, le David Morier

Dáta: 19 Lúnasa-20 Aibreán 1746
Áit: Albain agus Sasana.
Toradh: Bua ag Rialtas na Breataine.
Céilí comhraic
Na Seacaibítigh
Ríocht na Fraince
Ríocht na Breataine Móire
Ceannasaithe
Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart
Am Morair Seòras Moireach
Seán Ó Súilleabháin (saighdiúir)
John Drummond, 4ú Diúc Peairt
Uilleam Augustus, Diúc Cumberland
Iain Cope (saighdiúir)
Henry Hawley (saighdiúir)
George Wade (saighdiúir)
Duncan Forbes
Slua
8,000 7,000
Taismigh
50 marbh agus >259 créachtaithe ca.1,500–2,000 marbh nó créachtaithe 154 gafa, 222 Francaigh.

Thug na Gaeil Bliain an PhrionsaBliain Shéarlais ar éirí amach na Seacaibíteach 1745-1746, faoin bPrionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart, an t-éilitheoir Seacaibíteach deireanach

Bhí Gaeil ar gach taobh, ach rinne siad suas mórchuid d'arm na Seacaibíteach; agus idir 1/3 go 2/3 d’arm na nDílseoirí freisin. Buaileadh ar na Seacaibítigh cé gur throid siad go cróga agus ba chúis leis seo drochíde ar na nGaeil, ar fud Ghaeltacht na hAlban. (nó Gàidhealtachd na h-Alba)

Nuair a tháinig Séarlas Stiúbhar go hÈirisgeigh, d'inis tiarnaí na Gaeltachta leis nach raibh seans ar bith ann bua a bhaint amach gan cabhair ó na Francaigh. Theip ar éirí amach i 1688-1690, 1715 (Bliain Shéamais), agus 1719.

Mar sin féin, bhí go leor Gaeil fós ann a bhí ag iarraidh rialtas na Seacaibíteach. Duine acu ab ea Raghnall Dòmhnallach, deartháir le tiarna Chinn Loch Mhùideart agus iarshaighdiúir de chuid Éirí Amach na Seacaibíteach. Bhí sé ina thacadóir i nDalabroig (in Uibhist a Deas), de cheann fine na Ràghnallach. Tharraing sé claíomh amach agus dúirt, "I will! I will! though not another man in the Highlands should draw a sword; I am ready to die for you!"[1]

Chuaigh siad go Gleann Fhionnainn; is anseo a ardaíodh an bhratach Sheacaibíteach ar an 19 Lúnasa. De réir an tseanchais, chan Alasdair mac Maighistir Alasdair a amhrán "Teàrlach mac Sheumais", cé go raibh sé ar neamhréir leis an téacs.[2] Sin tús an reibiliúin.

Nuair a chuaigh arm na Seacaibíteach go Sasana, bhí Uilleam Druimeanach, ceathrú bhíocunta Shrath Ailein, ina cheannasaí ar an arm in Albain.

Tháinig deireadh leis an éirí amach ag Blàr Chùil Lodair.

Bhí Alasdair mac Mháistir Alasdair ina chaptaen san arm Seacaibíteach agus ina theagascóir ag an bprionsa. Is iomaí amhrán-spreagúil ar chúis na Seacaibíteach a chum sé .

Tá go leor scéalta i nGaeilge faoin ábhar seo, faoi Iain Spàinntich agus Mac Mhic Dhòmhnaill Dubh (Dòmhnall Camshron, Morair Òg Loch Iall) go háirithe.

  1. Robert Chambers, History of the Rebellion of 1745–6 (W. & R. Chambers, 1869). Td. 25.
  2. Campbell, John Lorne [1933] : Highland Songs of the Forty-Five. Dùn Èideann: John Giant, td. 53.

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search